-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Nuacht
Seolann Ollscoil na Gaillimhe cartlann dhigiteach d’irisí na Ceise Fada
Tugann cartlann atá díreach seolta léargas uathúil faoin saol i gcampa géibhinn Tá cartlann dhigiteach nua d’irisí príosúin a scríobhadh i gcampa géibhinn na Ceise Fada i rith na 1970idí curtha ar fáil ag Ollscoil na Gaillimhe. San áireamh le Bailiúchán Paddy McMenamin tá dialanna lámhdhéanta uathúla agus albam grianghraf a tógadh sa phríosún sa tréimhse 1974-1976. Rinneadh McMenamin a imtheorannú sa Cheis Fhada i lár na 1970idí áit a raibh sé ina urlabhraí Caighin. Scríobh sé ailt d’irisí príosúin lena n-áirítear Misneach, An Síoladóir, agus Faoi Glas, chomh maith le bheith ina eagarthóir ar An Fuascailteoir. Ailt agus scríbhneoireacht ó na príosúnaigh Phoblachtánacha féin a bhí sna hirisí seo mar aon le dánta, ceachtanna Gaeilge agus ailt ar stair na hÉireann agus ar pholaitíocht idirnáisiúnta, agus rinne siad an obair ealaíne do na clúdaigh iad féin freisin. Smuigleáladh na hirisí amach as an gCeis Fhada i gcaitheamh an ama, agus coinníodh an bailiúchán sábháilte go dtí gur cuireadh i dtaisce le Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe é. Tá léargas faoi leith le fáil sa bhailiúchán seo ar thaithí na gcimí Poblachtánacha sa Cheis Fhada i rith thréimhse de na trioblóidí ina raibh foréigean seicteach ag dul in olcas. Tugann na hirisí agus na grianghraif seo spléachadh dúinn ar an saol laethúil sa champa géibhinn i gcomhthéacs an oideachais, na díospóireachta agus ghnáthchúrsaí an lae. Seo mar a labhair Paddy McMenamin: “Mar chéimí le Béarla agus Stair de chuid Ollscoil na Gaillimhe, tugann sé pléisiúr dom an bailiúchán seo de pháipéir bhunaidh ó Chaighin na Ceise Fada a bhronnadh ar Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe mar phríomhfhoinse do mhic léinn a bheidh i mbun staidéir agus taighde ar stair na hÉireann san fhichiú haois. Is pribhléid dom a fheiceáil go mbeidh na hirisí seo caomhnaithe go sábháilte laistigh den Ollscoil.” Tá bailiúchán suntasach ag Ollscoil na Gaillimhe cheana féin i ndáil le polaitíocht agus cultúr Thuaisceart Éireann i rith na tréimhse seo, ó bhlianta na Gluaiseachta Ceart Sibhialta go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta agus anois tá cartlann McMenamin curtha leis. San áireamh leis an mbailiúchán tá cartlann an ghníomhaí ar son na síochána, Brendan Duddy, an acadóra agus abhcóide Kevin Boyle agus na státseirbhíseach Maurice Hayes. Is féidir rochtain a fháil ar Irisí Príosúin na Ceise Fada ar Stór Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe: https://digital.library.universityofgalway.ie/p/ms/categories/paddy-mcmenamin Bhí an méid seo a leanas le rá ag Monica Crump, Leabharlannaí na hOllscoile: “Ba mhór an onóir dúinn gur fágadh an bailiúchán uathúil seo faoinár gcúram agus gur iarradh orainn é a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Ligfidh sé do scoláirí na todhchaí tuiscint éigin a fháil ar ar tharla sa Cheis Fhada, agus i dTuaisceart Éireann trí chéile i rith na dTrioblóidí. Tá an-áthas orm go bhfuil catalógú déanta ar an mbailiúchán iomlán anois agus go bhfuil na hirisí príosúin digitithe agus curtha ar fáil ar líne. Beidh deis anois ag lucht léite i bhfad níos leithne foghlaim faoin tréimhse chorraitheach sin i stair na hÉireann agus tuiscint níos fearr a fháil ar ar tharla. Labhair an Dr Barry Houlihan, Cartlannaí in Ollscoil na Gaillimhe mar seo a leanas: Bailiúchán tábhachtach atá i gCartlann McMenamin agus cabhróidh sé na glúnta atá le teacht a theagasc agus iad a chur ar an eolas faoi thaithí na gcimí i rith na dTrioblóidí. Tugann sé deis dúinn staidéar a dhéanamh agus tuiscint a fhorbairt ar thréimhse dheacair den stair ar an oileán seo, agus meabhraíonn sé dúinn a thábhachtaí atá a leithéid de chartlann as Tuaisceart Éireann, mar aon leo siúd atá á gcoinneáil i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe cheana féin, chun cuimhní agus taithí na ndaoine siúd a bhí thíos leis an gcoimhlint a chaomhnú. Reáchtáladh imeacht chun seoladh na n-irisí príosúin digitithe a cheiliúradh, agus bailiúchán McMenamin féin, agus bhí comhrá ann mar chuid de idir Paddy McMenamin agus an tOllamh Breandán Mac Suibhne, Ollamh le Nua-Stair na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí plé painéil ann chomh maith ag ar labhair an Dr Mary Harris, Léachtóir Sinsearach le Stair in Ollscoil na Gaillimhe; an Dr Barry Houlihan, Cartlannaí i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe; agus an Dr Laurence Marley, léachtóir le Nua-Stair na hÉireann agus na Breataine. Sheol Dr Mary Harris leabhar nua McMenamin, Voices From Inside: The Hidden Journals of Long Kesh ag an imeacht freisin. Críoch
University of Galway launches digital archive of Long Kesh journals
IEEE and University of Galway honour pioneering invention with milestone dedication
Major EU-funded projects to improve medical devices, brain treatments and inclusive clinical trials
Friday, 16 December 2022
All eligible University of Galway full time and part time hourly payscales have been updated in line with the provisions of Building Momentum - A New Public Service Agreement 2021-22. Specifically the following increases have been implemented: - With effect from 02nd February 2022, payscales received a 3% increase - With effect from 01st October 2022- payscales received a further 1% increase or €500, whichever is greater We are still awaiting sanction for the implementation of FEMPI restoration wef 1st July 2022 (save for a limited number of pay scales). Therefore there are no changes to those grades\pensions for now. See paragraph 1.3 in the above link for more details. Further advice will be issued for these grades in due course.
Monday, 24 April 2023
We have been asked to bring to your attention the fact that Secondment Expression of Interest Notices has been issued for the Public Service Transformation Division of the Department of Public Expenditure, NDP Delivery and Reform. Expressions of interest are invited from across all sectors of the Public Service, including higher education, and across a number of grades. Notices are available directly at the following link, and DPENDR and DFHERIS would very much appreciate your support in circulating to your staff. The closing date for applications is 2nd May, and we understand the notices issued on Friday 14th April.